School: Gaoth Sáile (roll number 12958)
- Location:
- Gaoth Sáile, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gaoth Sáile
- XML Page 312
- XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó roimhe seo ní fheicfeá duine ar bith ag caitheamh bróg. D'imtheóchadh gach duine idir sean agus óg cosnochtuithe. Bhí fear in Dubh-Thuama uair amháin agus nuair a tháinig a inghean abhaile as Ameiriocá thug sí péidhre bróg léi go dtí é. Nuair a chonnaic sé iad séard dubhairt sé, 'ó a dhiabhail ní chuirfinn mo chosa isteach ionnta sin ar an méid dá bhfaca mé ariamh.'
Taréis sin bhí na bróga ag dul tré Dubh-Thuama agus gach duine ag baint corr astú. Annsin nuair a thosnuigh na daoine ag caitheamh bróga agus nuair a bhéadh siad ag teacht ar Aifreann ní chuirfeadh siad na bróga orthú go dtí go dtiocfadh siad ingar don áit.
Lá eile bhí fear ag teacht go dtí an t-Aifreann agus bhí a bhróga ar a bhaclainn aige. Bhuail sé a chos in-aghaidh na cloiche agus dubhairt sé, 'is maith an rud nach bhfuil mo bhróga nua orm nó bhéadh siad millte agam'?Pisreóga
1. An chéad lá a chaitheann tú péidhre bróg nua(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Scanaill
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Bean Uí Scanaill
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tulachán Dubh, Co. Mayo