School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 479
- XML “Scéal - Tony Guinness”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear thíos sa Ros fadó. Tony Guinness a bhí mar ainm air. Lá bhí sé ag dul isteach go dtí Béal an Mhuirthid go dtí an aonach. Nuair a tháinig sé go dtí an (-) ní raibh aon bhád le é a thabhairt treasna go dtí an taobh eile. Sheas sé annsan agus bhí sé sáthach brónach. Ní raibh sé i bhfad i n-a sheasamh ann gur tháinig rón mór isteach chuige. "Go mbeannuigh Dia dhuit a "Tony Guinness," ars'n rón leis. "Cá bhfuil tú ag dul indiu a Thoní." "Tá mé ag dul go Béal an Mhuirthid agus tá cuile bád imthigthe orm" arsa Tóní. "Gaibh suas ar mo dhruim arsa'n rón leis. Chuaidh Tóní ar a dhruim agus stad ar bith ní dhéarna an rón gur fhág sé Toní sa bhaile mór. "Nuair a bhéas gach rud ceannuighthe agat" arsa'n rón tair annso chugam-sa airís agus fágfaidh mé sa mbaile thú airíst. "Maith go leór arsa Tóní agus d'imthigh leis agus ceannauigh gach rud a bhí ag teastáil uaidh. Bhí an rón ag fanacht leis shíos ag an bhfairrge agus nuair a bhí Tóní réidh leis an mbaile mór shiubhal sé síos chuige, léim ar a dhruim agus tugadh ar ais abhaile é go slán sábhálta. Chuile lá eile a bhíodh Tóní ag dul go Béal an Mhuirthid thugadh an rón Toní ann é.
- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Gender
- Female