School: Cnoc a Logha
- Location:
- Troiste, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Maoildeirg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc a Logha
- XML Page 001
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a comhnuidhe i Dubh Thuma fado agus Michil Tom Pháidín an t-ainm a bhí air. Fuair sé pota mór oir faoi leac a bhí in aici na trágha oidhche amháin a bhí sé ag iasgaireacht agus chonnaic sé spéir bhean áluinn in a suidhe ar an gcarraig. Chuaidh sé anonn chuici acht d'imtigh sé leithe agus ní raibh fios aige cé'n áit a dimtigh sí.
Bhí sé amuigh arís an dara oidhche agus bhí an bhean céadhna in a suidhe ar an gcarraig ag cioradh a cuid gruaige a bhí a lonnradh mar óir faoi solus na máidne. Labhair sé leithe acht d'imthig leithe sios faoi an fairrge go ndearnaidh sí poll mór dubh dorchadha.
Nuair a chuaidh sé in a chodhladh an oidhche sin thosuigh sé ag briongloidigh go dtainig Dia chuige agus gur innis sé dhó iasg mór a leagaint ar an gcarraig sa gcaoi nac mbeadh sí indon suidhe air.(continues on next page)- Collector
- Caitlin Nic Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Gaoth Sáile, Co. Mayo