School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bó Ros (Bouris)
- XML Page 223
- XML “Ciníocha Móra an Cheantair”
- XML “Brún - Tiarna Shligigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Béal Átha an Ríogh, is gur dhíbir siad na saortha a bhí ag tógáil (?) an bhaile ath-uair. Gabhadh a n-athair mar gheall ortha, readh (?) anonn go Lonndan é agus tugadh suas a chuid caisleán Sydney (?). Bhí ríméad ar an bhfear groidhe sin an t-athair, 'na Iarla, a bheith i ngreim aige in áit "two beggarly Bastard (?) boys". Cailleadh an sean-fhear thall i 1582. B'fhurust ceann a chur ar Bhúrcach Mhaigh Eó, nó Mac (?) Uilliam Íochtair, mar tugadh air. Séard adeir Sydney (?) faoi:-
"He was very sensible, though wanting the English tongue, yet understanding the Latin. He desired to repress (?) Irish extortion and expulse the Scots." Bhí sé sásta dúthaigh (?) a bheith aige ó'n Rí go díreach. - Brún - Tighearna Sligigh: Sasanaigh a tháinig anall in aimsir Eilíse a bhí in a bhunadh seo. Fuaireadar deóntas (?) dúthaighe talmhan thimcheall ar chósta Cuain (?) ag síneadh 10 míle isteach ó chladach tar éis Planndála Chonnachta. Ba díobh seo Donnchadha na (?) Rópa, an tÁrd-Seiriam a rinne oiread sin crochta tar éis eirighe-amach 1798. I n-aice le Achadh Fhóbhair a bhí comhnuidhe (?) air agus is gearr ó réabadh a chaisleán. An t-Athair Padhraig Mac Aodha a bhí in a Shéiplineach in Achadh Fhobhair tuairm 1920 a bhain na linndéir agus na géill as na doirsibh agus na fuinneógaibh le h-aghaidh -ach (?) nua do'n Séiplíneach i bparóisde Achadh Fhobhair. Bhí gaol ag an dream seo freisin le Valentine Brún(continues on next page)