School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 518
- XML “Siobhán Uí Dhuibhín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thimceall is céud bliadhain ó shoin bhí bean b'ainim díthe Siobhán Uí Dhuibhín 'na comhnuidhe i gCeathramha Chillín. Gogaire nóbean chabhartha a bhí innti. Théigheadh sí ó Chill Cuimhin go Cill Bhrigide. An oidhche seo bhí sí 'na codhladh thimcheall uair a chluig nuair a tháínig buile ar an doras. D'éírigh sí 'na suidhe agus dhearch sí amach. Chonnaich sí fear le capall amuigh. Shíl sí nach raibh sé ró-ó ach níor aithnigh sí é. D'iarraidh sí dhe céard a theastuigh uaidh. "Tusa" ar seisean. D'fhiafruigh dhe cé'n áít. "Béid fhios agat nuair a rachaidh tú ann." Chuaidh sí ag marchuigheacht ar a cul (Culeóg) (?) annsin go dtáinich siad go teach. Ní raibh sé mar (?) na tighthe go raibh sí déunta orra. Níor aithuigh sí aoinne istigh (?) Rinne sí dearmad a fiafruighe dhíobhtha céard leis an teach. Rugadh an leanbh i gceart agus dubhairt fear an tighe go raibh se ro-mholl (?) díthe a dhul abhaile. Rinneadh leabaidh talmhan díthe agus luigh sí uirri. Nuair a dhúisigh sí ar maidin bhí sé ná luighe i lár ráith agus pilliú feagha faoi na ceann. Bhí fhios aice gur sa mbruidín a bhí sí. Is minich a bhíodh trachta (?) airce air ó shoin.Ba é an rath chéudna in a bhfacha Tadhg Mach Uibhir (?) an bhean sidhe.
Míceál Breathnach
Cnoc Leaca Liagha- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo