School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 626
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad an sionnach, an bhroc, an girrfiaidh, an easóg, an fhiadh agus an coinnín na h-ainmhidhthe allta atá lé fághail thart na h-áite seo.
Déanann an sionnach a árus cómhnaidhthe i gcuais faoi'n dtalamh a bhíonns uisge inaice leis. Amanta déanann sé a árus comnaidhthe i gcuais faoi charraig no i gcuais inaice na fairrge. Nuair a bhionn na sionnacha óga ag teacht amach déanann an sean sionneach leabaidh in a arús as féar agus fraoch.Gheibhtear na h-easóga i gcoilléar nó i mballa cloch nó i sean tighthibh nach mbíonn aoinne ina comhnaidhe ionnta.Déanann an broc a arús faoi'n dtalamh mar an sionnach. Téigheann sé isteach ann cúl ar aghaidh. Amanta bíonn sé i gcoillte agus ar thaobh cnuic tirm. Ta an bhroc an righin.Déanann an girrfhiaid á árus ins an áit a mbíonn fraoch fada nó fraoch liaghtha ag ionnsaighe a dhath féin.Bíonn na fiadh ar sleibhte no ceaptha i bpáirceanna a mbíonn ballaí árd thart ortha. Tá go leór fiaidh thart annseo ins an gCaisleán Riabhaig agus ins na sléibhte atá i nGleann h-Eisc.Déanann an coinín a nead i gcainigéar agus claideacha. Tugtar coiníní gorma ar na coiníní nach dtéigheann faoin dtalamh ar cor ar bhíth. Déanann na coiníní gorma a neadracha in-aitinnibh.Marbhuigheann an sionnach cearca, uain óga, géamha, coiníní agus giorrachaí agus itheann sé iad. Déanann an sionnach roinnt maitheas do na feilméaraibh mar marbhuigheann sé na lucóga, franncaigh, agus ruasgáin.(continues on next page)- Collector
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Gortatoor, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo