School: Cill Bhríde (roll number 13476)
- Location:
- Kilbride, Co. Mayo
- Teacher: Antoine Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Bhríde
- XML Page 2a
- XML “An Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín óg in-a cómhnuidhe i liosprionn ins an tsean aimsear agus lá amháin chuaidh sí go tobar na rátha i gcoinne canna uisge. Nuair a bhí sí ag filleadh abhale thug na sidheóga isteach ins an ráith i. Bhí aintín a h-athar aca le dá fhichead bliadhain roimhe sin agus nuair a chonnaic sí an caillín ach ní raibh aithne ag an gcailín uirrí. Dúbhairt sí lei i ngan fios do na sideóga gan greim ná deoch d'ithe na d'ól uatha agus beith ag troid leo agus gan suaimhneas a tabhairt doibh agus go gcuirfheadh síad amach í. Acht nuair a bheadh síad dhá cur amach gan í dul amach go bhfuigheadh sí na trí ba bainne a thug said o n-a h-athair roimhe sin (mar thug na sidheóga trí ba bainne a thug siad o n-a h-athair roimhe sin) agus nuair a bheadh siad dhá [ocabhairt] dí gan íad a glacadh go bhfuigheadh sí an buachra agus an meadar. Ar aon chuma nuair a thug na sidheóga a béile don cailín níor glac sí é, ach bhí sí ag troid leo agus ní dhearna sí rud amháin ceart an faid is bhí sí aca. Bhí sí aca trí lá agus an(continues on next page)
- Informant
- Mícheál Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballymachugh, Co. Mayo