School: Ballinvella, Lios Mór (roll number 7880)
- Location:
- Ballinvella, Co. Waterford
- Teacher: Áine Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballinvella, Lios Mór
- XML Page 260
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ciste i ngáirdín Liam De Bharra, fé. crann ach níl toraidh fhíos agam cad atá fé cheilt ann . Gach oidhche fadó thagadh an fear a chuir fé cheilt é ag tabairt aige don ciste. Na daoine abhí ina gcómhnuidhe sa tig an uair sin bhíodh siad ag imirt cártaí gach oidche , agus thagadh taidbhse an fhir gach oidhche . Suas an sthaighre agus buaileadh sé buille dá crúb thuas ar urlár an lochta, chun ciúineas dfághal thíos imeasg na gcearrbhach.
Bhíodh eagla ar na daoine agus sa deireadh dubhradar go mharbheocaidís an fear an oiche ' na dhiaidh sin. Ní raibh an focal as a mbealaibh nuair bhuail an fear buille dá chrúib sa lochta thuas agus do ritheadhar go léir i bhfolach mar taréis na cainnte go léir bhí sgannradh ortha.
Annsan dinnis bandraoi dóibh gur spiorad a bhí ann go raibh ciste óir aige fé crann sughchraoibhe agus go bhfuigheach Seán de Barra é. Ach ó shoin i leith ní bfuair Seán di Barra é ná aon de Barra eile é.- Collector
- Máire Ní Dubhasa
- Gender
- Female
- Address
- Kilnacarriga, Co. Waterford
- Informant
- Seán Ó Muirdhear
- Gender
- Male
- Address
- Ballynaraha, Co. Waterford