School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 207
- XML “Sprid”
- XML “Fear Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oidhche amháin chuaidh sí síos go dtí an tobar fé dhéin buicéid uisge, agus tháinig rud éigin uirthe, agus thuit sí isteach sa tobar. Thosnuig sí ag liúirig, acht níor airig aoinne í. An lá ina dhiaidh san, chonnaic fear í agus
t[h]óg sé í, agus chur sé í. Annsan
d[h]íol an fear na cearca, agus nuair a bhí sé ag dul anonn leo, fuair cuid acu bás, bhíodar chómh aosta san. Cúpla lá ina dhiaidh san, chonniac an fear í, síos ag an tobar, agus í ag tógaint an uisge go léir amach as an tobar. Fuair mé an sgéal seo ó Labhrás Ó Cuidighthe. An Rinn. 65 blian d'aois. - Fear Bocht
Bhí fear bocht ina chómhnuidhe i mBaile na Míolach fadó, ní raibh aon tig aige agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag lorg déirce.
Uaireannta chuireadh na daoine na madraí as a dhiaidh. Maidean amháin bhí ocras mór air, agus b[h]í sé an-fhuar mar bhí sioc ann. Chonnaic sé tig mór gairid do, agus chuaidh sé go dtí an ngeata. Chonnaic na madraí é, agus thosnuig siad ag liúirig, chrom an fear síos chun cloch a d'fhag[h]ailt agus é a chaitheamh leis na madraí. Acht bhí na cloc[h]a ceangailte leis an sioc. Annsan dubhairt sé "mo
m[h]allacht is fiche ar Bhaile na Míolach(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford