School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 211
- XML “Páirceanna”
- XML “Na Seanmhná”
- XML “Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páirceanna
Tá páirc i Maoil an Chóirne sa Rinn agus sé an ainm atá air ná Páirc na Leacht. Ní fheadar aoinne cad é an chúis a thugadh an ainm sin ar acht deir daoine gur taoiseach a chuireadh ann mar chuirfidhe leacht ó's cionn taoiseach fadó.
Tá páirc eile ann darbh ainm Sprid an Bhairille. Deirtear gur sprid a bhí ann ag dul thímcheall na páirce gach aoidhche ag bualadh bhairille. C[h]uaidh sé isteach i dtig aoidhche agus chaitheadh an sagart a thabhairt ann chun é a chur amach. Fuair mé an sgéal so ó m'athair 56 blian. - Na Sean-Mhná.
Bhí beirt sean-b[h]ean ann fadó agus bhí duine muinteardha dóibh tinn. Chuadar chun í a dh'f[h]eiscint agus nuair a bhíodar leath na slighe tháinig cioch. Chuadar sa chlaidhe ó'n chioch agus léim ceannn acu amach agus dubhairt. Níl aon mhaith dhúinn dul á féachaint an(a)ois mar tá sí tar-éis bháis.
Chasadar ar a sál agus thugadar an bóthar abhaile ortha. Fuair mé an sgéul so ó m'athair. 56 blain - Tighearna Talmhan
Bhí tighearna talmhan ann fadó agus bhí sé ina chomhnaidhe sa Sean-Phobal. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó Dhúngharbhán agus bhí 52 ochair aige chun na daoine bochta a chur amach ar an mbóthar. Bhí ceathrar fear ag baint phrátaí ar thaobh an bhóthair(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford