School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 300
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Naomh Déaglán”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)7. Tá bó bán ag siubhal na trágha gan cnámh 'na corp? Tonn.8. Téighir chun na coille agus tabhair leat brosna. Ná tabhair craobh cham ná craobh díreach. Is ná tar abhaíle gan brosna? Brosna ainm an ghadhair. Fuair mé iad seo sa mbaile chois na teine.
- Beidh Féile Naomh Deuglán againn ar an 24 adh lá de Mí Iúl. 'S é pátrún na h-Áirde Mhóire é. Do bhunuig sé Mainistir mór ann agus tháinig a lán daoine ag foghluim ann ó gach áit san Eoráip.Do bhí an creideamh aige fé ar tháinig Naomh Pádraig, mar do bhí an chreidheamh thimcheall na h-áiteacha san. Nuair a chuaidh Naomh Deuglán go dtí an Róimh deirtear gur thug sé clog as leis.Tá carraig ann agus leighisfidhe pianta a bheadh id dhrom dá raghfeá fé agus do dhrom a cimilt de. Leighiseadh a lán daoine ó'n Rinn ann an blian seo caithte. Téigeann a lán daoine go dtí an pátrúnin Árd Mhór gach blian. Fuair mé é seo ó M. Mathghamhna 54 bl. An Rinn.
- Do bhí tg amuigh sa sliabh timcheall 20 blian ó shoin agus ní raibh mórán tíghthe thimcheall air. An lá sa do bhí an áit an-uaigneach agus tháinig gé isteach(continues on next page)