School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó gus bhí triúr iníon aici. Bhíodar ag teacht aosta agus dúirt an mháthair leo dul ag obair.
Chuiadh an ceann ba shine acu ag obair céad uair. Chuaidh sí go dtí tigh feirmeora agus chuaidh sí ag obair ann. Fuair sí a suipéar sa tigh an oíche sin agus ansan chuaidh sí a codladh.
An maidin ina dhiaidh sin d'éirigh an cailín agus dúirt bean an tighe léi fiche léine a dhéanamh agus muna mbeadh siad san déanta aici nuair a chasadh sí go mbainfeadh sí an ceann di.
Tháinigh bean an tighe um thráthnóna agus ní rbhadar déanta agus ban sí an ceann den cailín.
Tháinigh an dara cailín go dtí an tigh céanna agus dúirt bean an tighe léi an rud céanna a dhéanamh agus níor dhein an cailín é agus baineadh an ceann di.
Tháinigh an tríú cailín agus dúirt léí an rud céanna a dhéanamh. Tháinigh leipreachán isteach sa bhfuinneóg agus dhein sé fiche léine don chailín. Nuair a tháinigh an bean bhí an fiche léine déanta.- Collector
- Pádraig Ó Aongusa
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford