School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Padraig Mac Craith, Leasa 'an Dara bhí sé os cionn sé troighthe ar aoirde, agus é cumtha dá réir.”
Padraig Mac Craith, Leaca 'an Dara. Bhí sé os cionn sé troighthe ar aoirde, agus é cumtha dá réir. Nuair a bhí sé óg ní raibh fear a sarochad é ag caitheamh meachantí. Ghaibh sé duaiseanna ar fuaid na Contae agus lasmuigh de. Bhí an craobh aige ar an leath-céad agus an ceathrú céad. Fear ráis ba eadh é leis. Is minic a ghaibh sé rás céad slat. Idir na bliainta 1885 agus 1895 a bhíodh sé ag iomaidheacht fear tréan láidir gabh go raibh lúth na gcos agus na lámha aige. Bhí sé mór gan a bheith trom.Domhnall Ó FearachairAg na Sceithíní a rugadh agus tógadh Domhnall Ó Fearachair. Timpeall 1850 bhí ainm Domhnall anáirde ar fuaid na h-Éireann. Bhí rith agus léim, lúth agus neart ann. Nuair bhuail sé le fear a bhuadhfadh air le na linn. Buaidh sé craobh na hÉireann i gcomórtas iomlán agus é in aois a dathaid blian. Bhí lán seomra de dhuaiseanna aige. Fear lámhac de'n t-sean aimsir be eadh é. Bhí croí mór aige.- Collector
- Máire Ní Tuama
- Gender
- Female
- Address
- Clonkerdin, Co. Waterford
- Informant
- P O' Mileadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Reanadampaun Commons, Co. Waterford