School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)
- Location:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Teacher: Liam Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ann fadó darbh ainm Tadg Ó Suilleabhain.”
Bhí fear ann fadó darbh ainm Tadg Ó Suilleabhain. Tadg Gaelach a tugadh na daoine air. Chuaidh Tadg Gaolach go dtí Baile na Faille go dtí Seán Clárach Mac Domhnaill. File eile ba eadh é sin. Nuair a chuaidh sé isteach go dtí tigh Sheáin ní raibh aoinne roimhe ach a bhean.
"Sé an rud a thug mé ná tamaill den chláirseach" arsa sé.
"Tá sé briste" arsa an bhean.
"An dtabharfá tamall den diallait dom" arsa Tadg.
"Níl aon giorta innte" ars an bhean.
"Tá ocras orm. An bhfuil aon rud a dtabharfá le n-ithe dhom" arsa sé.
"Níl tune na bhiodh agam" arsa an bhean.
"Cá bhfuil fear a tighe?" arsa Tadg.
"Tá sé ag tig ósta" arsa an bhean.
Chuaidh Tadg suas go dtí an tig ósta. Seo mar a labhair sé leis an bhfear nuair a chuaidh sé suas.
"Anseo atá tusa agus níl cruinneas id bhriathar
Tá do cluais le h-eirse gan cuireadh ná iarradh
Tá do cláirseach briste
Is níl giortaid dhiallait
Is d'fhág tusa Máire
Gan tine ná bia aici".
Seo an freagra a thug Seán Clárach Mac Domhnaill air.
"Má táim-sa anseo
Tá cruinneas im bhriathar
Níl mo chluais le h-eirse
Gan cuireadh ná iarradh
Níl mo chláirseach briste(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Cobhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Keereen Lower, Co. Waterford
- Informant
- Michil Ó Briain
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 47
- Address
- Keereen Lower, Co. Waterford