School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 035
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí buahaill ag teacht abhaile ón baile mór agus bhí trucail aige agus cad a chífeadh sé ná leipreachán beag agus é ag deisiú bróg.
Léin sé amach as an trucail agus rug sé ar an leipreachán.
Ansan d'iarr sé den leipreachán cá raibh a chuid óir. "Inneósaidh mé dhuit cá bhfuil sé" arsa an leipreachán. Ansan dúirt an leipreachán leis "siúl leat liom go dtí an lios seo thíos". Nuair a chuadar thíos san lios bhí an áit lán de ór. Dúirt an leiprechán leis an mbuachaill an méid ba mhaith leis do thabhairt leis. Bhailigh an garsún lán a bhaclainn den ór. Chaith sé isteach sa trucail é agus chuaidh sé abhaile sásta.(continues on next page)- Collector
- Risteárd Ó Néill
- Gender
- Male
- Address
- Ballylemon, Co. Waterford
- Informant
- Cáit Paor
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Address
- Cappagh, Co. Waterford