School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (roll number 4136)
- Location:
- Coolnahorna, Co. Waterford
- Teacher: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biad na Sean Aimsiré.
San gceanntair seo fadó ní iteadh na daoine act dhá bheile sa lo an breacfast agus an suipéar. Ar maidin timcheall a deich aclog agus um tráthnóna a d'itidís iad. Ba gnáthach le daoine na h-áite seo obair a dhéanamh roimis an gcéad béile ar maidin. Bhíodh na fír amuig fán gort ar a trí a clóg ar maidin, in a suidhe ar na hiomairíbh ag fanamhaint le solas an lae cun na prataí do bhaint.
"Puiseach" agus bainne a bhíodh aca le nithe cun a mbreacfasta. Deinidís an puiseach le mín coirce no le min buidhe. Prataí, salann agus bainne géar abhíodh aca i gcóir suipéir. Ní ithidís feoil go minic act ar Lá Nodhlag. Feoil guirt a bhíodh aca. Ithidís alán éisc már bhíodh bradán agus brich go flúirseach san Clódaigh--gabhann an Clódaigh inaice Rós.
Eórna coirce agus cruithneacht -- seo iad na harbhair a chuireadh san ceanntair seo fadó. Sa bhaile a dheineadh an coirce agus an cruithneacht do mheilt. Is le bróin a dheineadh é.
Cuireadh cuid den eórna tridh ar plúr nuair bhidís ag dhéanamh aráin "Arán Eórnan" a tugadh ar an t-arán sín. Cuiridís an t-arán dhá bhácáil ar an ngreidiol os cionn an ngriosaigh agus bhíodh an t-arán sín "Arán an Greidile" go(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Cuilleanáin
- Gender
- Female
- Address
- Ross, Co. Waterford
- Informant
- Pilib Ó Cuilleanáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Ross, Co. Waterford