School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (roll number 4136)
- Location:
- Coolnahorna, Co. Waterford
- Teacher: Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Liosanna in mo Cheanntair.
Tá cuig liosanna in mo ceanntair ceann amháin ar bfeirm de buitiléir i Cill Cluana, ceann eile ar feirm Gallabháin i Móin Mionáin. Dhá ceann ar feirm o hAiseadha i Cill Cluana agus ceann eile ar bfeirm ó Ciarmhaich i Cnoc-a-Turnóra. Tá siad go léir cruinn agus tá bannc cré agus aiteann ag fás air mór thimcheall gach líos. Ná liosanna atá ar feirm ó hAiseadha agus an lios atá ar feirm ó Ciarmaich tá siad i radharc a ceile.
Deir na sean-daoine go bhfuil an sluagh sidhe in a gcomhnuidhe sá liosanna. Ní treabhann na feirmeóirí na liosanna mar beadh eagla ortha roimh na daoinibh maithe. Do reir sean-sceal do treabh feirmeóir líos ar feirm i Cnoc a Turnóra fadó agus do thuit an dhá capaill marbh fé'n gcéacht.
Ta poll i lár an leása atá ar feirm i Cill Cluana agus deir na sean-daoine tá bealach ag dul on lios seo go dtí na liosanna eile ata i radarc a chéile. Tá crainn ag fás mór timcheall ar leasa seo. Treabhann an feirmeóra an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Cuilleanáin
- Gender
- Female
- Address
- Ross, Co. Waterford
- Informant
- Pilib Ó Cuilleanáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Ross, Co. Waterford