School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“A chara sa chuir bhí brúighte tursach fá’n páis
Dearc ar an Úir is fiú tusa éisteacht fhaghail
Sí an fhoigde chiún a mhucas pheacaidh síol Eabha
Is gheobhaidh tusa cáiteamh i gcúirt geal Rí na naomh”.
agus níor chán sí an rann seo ó sin amach.“Spárál na circe fraoich’ ar an fraoch” (S. Fh. 103). Sompla é seo de (Cainnt na nÉan)
“A ghiolla mhóir na [hith]? ach do shaith,” deireadh sí leis an coileach. O nach bfeiceann tú an croc udaí agus an croc udaí agus an croc udaí”, deireadh seisean.
“O nach bfeiceann tusa an téan udaí agus an téan udaí agus an téan udaí” deireadh sise.
(Is ionann sin agus duine bhéadh ag spáral agus neart aige)“Is mairg nach mbíonn aige ciall is nach gcomeann srion le na ghuth
Anois o thainig fial is maith an biadh an chaora dubh”.
I bfad ó shoin bhíod go leor daoine gasta ag dul thart ach bhíodh teanga ghéar ag cuid aca mur bhfághadh siad riar co [mhtrom]? (agus) b’fhéidir go ndeanfadh siad aor ar an té a silfeadh siad a ghlacadh a mbuntaiste. Cliar cánta a bheirtí ar a leithid seo agus dheanfadh gach duine a dtiocadh siad trasna air a dhicheall le iad a shásamh ná níor mhaith le a’n duine go ndeanfaidhe aor air (féach 122, 123, 124)
Thainic an cliar canta isteach i dteach. Shuidh sé tamall agus ní rabh iomra ar bith ag bean an toighe aoidheacht a thabhairt do. Bhuad fear an toighe isteach agus thug ordú an chaora dubh a mharbhú do. Annsin shíl sé gur mhaith an rud an fhoighde agus dubhairt sé síud.- Informant
- Nuala Ní Dhochartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- An Chruit, Co. Donegal