School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- O’Domhnall Dún na nGall agus a Bhean.Nuair a pósadh O’Domhnall rinne sé connradh le na mhraoi dá mba i ndán is nach nach mbéadh siad ag teacht le na cheile ró-mhaith no go mbéadh tuitim amach ar bith ins an chás, go gcaitfeadh siad scaramaint dá mba toil leisean é.
Chuir sise sa mhargadh da mba i ndán is go dtiocfadh an scaramhaint go bhfuigheadh sé cead trí hualaigh de na cuid féin a thabhairt léithe as an chaislean. Bhí an bheirt aca toiltineach seo a deanamh.
Cibé a tharla eadtorra lá amháin dubhairt seisean gur bhfhearr duithe a beith ag deánamh réidh le himtheacht.
Cuir sise a cuid éadaigh i gcionn a cheile agus d’fhág ar an taoibh thall de’n abainn iad.
Thainig sí ath-uair agus chuir sé an tachran leinbh bhí aca ar a druim gur iomchar sí trasna é.
Thainig sí anall an tríomhadh iarraidh. “Gabh tusa ar mo dhruim anois” arsa sise, “go niompruighidh mé tar an uisce tú”.
Chonnaic sé nach rabh gar a bheith léithe, go rabh sí ró-chliste dó. D’iarr sé uirthi fanacht agus an dinnear a dheánamh réidh agus níor fhéach sé le na cur ar siubhal o sin amach.
(Anna Ní Cheallachain, Tamhnach Gorm, Bearnasmór. 78 bliadhna a d’innis. Tá cuimhne aicí ar a lán sean rudaí idir Gaedilg agus Bearla)
“Fadú teine le loch
Cogadh com in aghaidh cuain
Comhairle thabhairt do bhean bhorb
No buille óird ar iarainn fhuar”- Informant
- Anna Ní Ceallachain
- Gender
- Female