School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 54
- XML “An Caiftín Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tráthnóna. Tá teach beag shuas annsin a bhfuigh tú dídean ann”.
Smaoitigh an bhean go mbhféidir nach mbéadh gléas ró-mhaith ar a muintir sa bhaile le í a chongail agus ghlac sí comhairle an t-seanduine. Bhíodh an bheirt aca amuigh ag cruinniú sa lá agus an páiste ar scoil. Lá amhain a rabh siad amuighcasadh ortha pedlar agus a bhean agus chuaidh ‘un cainnte leó.
D’innis siad an doigh a bhí ortha. Is cosmhail gur bean as Baile Atha Cliath bean an phedlera agus go rabh a hathhair na “Merchant Mór”. Bhí barraidheacht teasa uirthí sa bhaile agus rith sí ar shiubhal leis an phedlar chéadna seo.
Bhál d’innis sí do bhean Gaothdobhar go dtabharfadh sí litir duithe ionnsair a h-athara i mBaile Atha Cliath agus go mbheadh sí maith go leór da dtéigheadh sí ann. Chuaidh sí féin agus an stocach. Chuir an Merchant seo léigheann agus foghluim roimh an stocach. Chuir sé ar scoil é le léigheann fairge a fhaghail.
Nuair a bhí sé oilte sa chéird seo bhí long tráchtal ag dul go h-India agus sé an fear seo a chuir an Merchant mar caphtaoin uirthi. Chuaidh gach rud ar aghaidh i gceart gur shroich an long an India. Lá amhain nuair a bhí an caphtaoin agus an mate ag spaisteóireacht thart comhgarach do choillidh(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Nábla Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Gabhla, Co. Donegal