School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní rabh sé ag faghail bhisigh agus chruinnigh na comarsain isteach. Cuireadh fios ar an doctúir agus ar an tsagart ach sé an Deilín ceadna bhí aige i dtolamh. “A dhá oiread dá mbíodh sé agam”.
Sa deireadh chonnaictheas nach rabh biseach i ndán dó agus cuireadh fa choinne fear dlighe le tiomna a dheanamh.
Nuair a cuireadh ceist air an bhfágfadh sé a chuid ollmhaithis uilig ag na mhraoi sé dubhairt sé, “agus a dhá oiread dá mbíod sé agam”.
Sin a dtiocfadh leobtha deanamh de agus fuair sé bás ag síor-radh na bhfocla sin.
Fuair a bean iomlán a cuidh saidhbhris. - Bí Séamaidh O h Eireain na chomnuidhe ar an bhaile seo i bhfad ó shoin. Ní rabh sa teach ac é féin agus a mháthair agus mar bhí sise ag éirig ró aosta le graithe an toighe a choimheadh feasta. Sé an rud a leag siad amach gurbh fhearr dhó bean a thabhairt isteach roimh an inid. Ach cá bhfuighfidhe bean a d’fhóirfeadh, bean a béadh cinealta, foighdeach leis an tseanbhean agus nach bhéadh caithmheach?
Bean stuamdha á bhí sa mhathair agus sé an rud(continues on next page)- Collector
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Informant
- Seán Ó Craimsigh
- Gender
- Male
- Informant
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 40