School: Leitir Fhada
- Location:
- Letterfad, Co. Donegal
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Fhada
- XML Page 334
- XML “An Pléiseam”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuaidh sí abhaile agus d'innis sí an sgéal do Ruaidhrí . La ar na barach cuaidh sé fhad leis an ri agus chuir sé ceist sin caide bhí a dhioghbhail air. 'Bhal" arsa'n ri caithfidh tú caislean a thogailt damh . Och! arsa Ruadhri ní thiocfhadh liomsa caisléan a thogailt nó ní fhaca mé cean ariamh acht an cean in a bhfuil tu in do chomhnuidhe . Mur ndéan tú an caislean damh arsa'n righ cuirfidh mé 'un báis thu. "Bhal" arsa Ruaidhrí tabhair fáill damh leis na gleasaraí a fhaghail agus d'imthigh sé leis i gcruadhcas isteach i gcoill.
Ins an choill casadh fear dó agus chuir sé ceist air cáidhe bhí ag cur buadhartha air. "Ta" arsa Ruaidhrí caithfidh mé cáisléan a thogailt agus mur ndeanaim sin cuirfear 'un báis mé . Níl sin cruaidh arsa'n fhear cuideochaidh mise leat. Seo ceithre bloc iarainn agus cuir ceist ar an ri cé'n áit ar mháith léis an caisléan a bhéith déanta . Cuir bloc ins an uile cóirnéal agus comh luath agus bhéas sin déanta agat béidh an caislean tógtha .
D'imthigh Ruaidhrí leis agus rinne(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Giolla Easbuic
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Disert, Co. Donegal
- Informant
- Seamus Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Sallows, Co. Donegal