School: Leitir Fhada

Location:
Letterfad, Co. Donegal
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 337

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1036, Page 337

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir Fhada
  2. XML Page 337
  3. XML “An Pléiseam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt sí le Ruaidhrí go rabh sé a dhíoghbháil ar an rí. Caide tá cearr anois arsa Ruaidhrí acht phachaidh me chuighe i mbarach go bhfeicidh mé.
    Cuaidh sé fhadh leis an rí agus chuir sé ceist air caide bhí cearr. “Bhal" arsa’n rí caithfidh tú pléidhséam a chur ar an chaislean seo damh. Caide sin arsa Ruaidhrí, ní fhaca míse pléidhseam ariamh. Mur gcuiridh tú ceann ar an chaislean se cuirfidh mé ‘un bháis thú. “Bhal" arsa Ruaidhrí tabhair fáill damh agus d’imthigh sé leis agus a aghaidh ar an choill. Casadh an fear air arais agus é ag marcardheacht ar gabhair. Cuir sé céist air cáide bhí cearr leis anois. Tá arsa Ruaidhrí caithfidh mé pléidhséam a chur ar caisléan an righ. Níl sin doiligh a dheanamh arsa’n fhear agus thainig sé anuas dé’n gabhar. Dubhairt sé le Ruaidhrí dhul ináirdé ar an gabhar agus greim daingean a choinneilt ar a adharcaibh agus arsa seisean, an uile am a deireas an gabhar “meg meg” abair tusa “Suibhal leat”.
    Rinne Ruaidhrí mar h-iarradh air agus d’imthigh sé leis. Nuair a bhí sé ar bhealach go caislean an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0571: “All Stick Together”
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Giolla Easbuic
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Disert, Co. Donegal
    Informant
    Seamus Mac Amhlaoidh
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Sallows, Co. Donegal