School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Fionn Mac Cumhaill amuigh ag seilg lá amháin agus casadh Cailleach na gCearc air. Seo an rud a dubhairt Fionn leis. "Cuirimse fá gheasaibh agus sleata drama draoidheachta do cheann as do chosa do chóimhead a bheith ort fhéin go dtí an Domhain Thoir agus tug anoir ceann tarbh mire fhad liomsa." agus seo an rud a dubhairt Fionn Mac Cumhaill le Cailleach na gCearc. "Cuirimse fá gheasaibh agus sleata drama draoidheachta ban do cheann as do chosa do chóimhead a bheith ort fhéin as gan greim bidh no dighe agat acht Pionán Arbhar ar thaobh duit agus tubann bláth géar ort an múd a rachadh fríd cró snathaide go dtugfidh mise arais." "Tóg do gheasa díom" arsa Cailleach na gCearc le Fionn Mac Cumhaill. "Ní bhrisfidh mise m'fhocal na fhios gníodh tusa fadó shoir." D'imthigh Fionn leis go dtí an Domhain Thoir agus 'fhobhair go muirfeadh an tarbh mire é. Ghear sé an ceann de'n tarbh mire agus thug sé ceann an tarbh mire ionnus ar Cailleach na gCearc.