School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 172
- XML “An Gasúr Amaideach”
- XML “Fear nár Fhoghlaim an Teagasc Críostaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig sé isteach agus d’ innis an baintreabhach dó caidé a tharluig. Dubhairt sé go rabh eagla uirthí go mbéadh ag an gabúr a ghabháil go priosún. Bhí gabhair aca agus thug an gasur isteach an ghabhair agus mharbh Mucí é. Annsin chuir siad fad an leabaidh é, agus chuir siad an mhinigtéir i bpoll fa thuairim leath-mhile ón teach.
Cuaidh an sgeal thart go rabh an ministéir caillte, agus dubhairt na daoine gur teach na baintreabhraighe an teach deireannach a bhí sé ann. Tháinig fear go dtí an teach ag amharc fa na choinne agus chuaidh an gasúr isteach faoí an leabaidh agus agus arsa seisean, “An bhfuil feasóg ar dó mhinistéir, an bhfuil adharcaigh air, an bhfuil chichre cosa air”. Annsin caith sé an gabhair amach, agus nuair a chonnaic siad caidé bhí ann, b’eogean do’n fhear imtheacht an dóigh a tháinig sé. - Bhí fear ag cóiríu claidhe ar thaobh an bhealaigh móir lá amháin. Chualaidh an sagart nach rabh sé ag an Easbog ariamh agus tháinig sé thart lá amháin le cupla ceist a chur air. D’fhiafruigh sé do an rabh fhios aige an teagasg Criostaidhe. Dubhairt an fear go rabh fhios aige é.
An chead ceist a (chur) chuir an sagart amach air: “Cha mhéad deithe ann”? Dia amháin(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Ceanaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Greannaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Killybegs, Co. Donegal