School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 183
- XML “Ceird na Gadaíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta, bhí mac amháin aca. Bíodh an t-athair ag obair ag Tighearna talamh, agus lá amháin arsán Tighearna talamh leis ba chóir duit do mhac a chur ar shiubhal i-n-áit éiginteacht le obair a dheanámh no ceird a fhoghlam. Smaointigh an fhear ar an comhairle agus shíl sé gur mhaith an rud sin a dheánamh.
Lá amháin thug an t-athair an bhuachall leis go aonach. Ní rabh siad I bhfad annsin go dtáinig fear uasal chuca, agus dubhairt sé go rabh buachall a dhíth air. Thug an t-athair an buachall do. Annsin dubhairt an fear uasal go gcoinneóchadh sé é ar feadh bliadhna agus dá mbéadh sé maith go leor go gcoinneóchadh sé é ar feadh seacht bliadhna, agus go gcuirfeadh sé an t-airgead abhaile chuige dhá uair gach bliadhain.
Chuaidh bliadhain thart agus níor tháinig an buachall abhaile. Bhí fhios ag an t-athair annsin go rabh a mhac maith, agus nach dtiocfadh sé abháile go cionn seacht mbliadhna. Nuair a bhí an t-am caithte thainig sé abhaile Satharn amháin. Níor innis sé dó’n t-athair cé’n céird a d’fhóglam sé. Nuair a tháinig maidín Dia Luain chuaidh sé go dtí a chuid oibre mar ba ghnathach leis. Bhí sé obair ag an Tighearna talamh an t-am sin fosta, agus d’fiafruigh an Tighearna talamh dó caidé’n ceird a d’fhoghlam a mhac.
Dubhairt sé nach rabh fhios aige. Annsin d’iarr an Tighearna air a fhiafruigh dó nuair a rachadh sé abhaile agus innse do’san an lá thar na bhárach.
Nuair a chuaidh an t-athair abháile d’fiafruigh sé do’n mhac caide’n ceird a d’fhoghlam sé. Ní rabh an buachall a gabhail a innse dó ar tús, ach d’innis sé dó sa’n deireadh. Ní rabh an t-athair ró shasta leis nuair a dubhairt sé gur fhoghlam sé ceird an(continues on next page)- Collector
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Gender
- Female
- Informant
- Seán O Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70