School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an bhaile annsin, acht ní dheachaidh sé i bhfad gur bhuail ocras é, agus shuidh sé faoi chrann. Dith sé sméar indiai[dh] sméir go rabh siad uilig ithte aige, agus annsin bhí sé ró-mhall dhul ar lorg tuilleadh. D'imthigh sé leis abhail[e] agus é follamh. Bhí Tadhg ina sheasamh ag an doras, agus nuair a chonnaic sé Taidhghín ag teacht bhain sé searradh as fhéin, chuimil sé a bhosa, ligh a phus, agus arsa seisean. "Thug tú an oidhche leat a leibide". Má thug fhéin níor thug mé na sméara liom" arsa Taidhghín. "Ach a leibeide, an mian leat a rádh nach bhfuil na sméara leat" arsa Tadhg. "Ná bí ró chruaidh orm an t-am seo, ma[r] ní raibh agam air" "Agus níl na sméara dubha agat"? "Níl" arsa Taidhghín agus é ar chrith le h-eagla. "Bainfidh mé an dá shúil as dó cheann anois" arsa Tadhg. "Órú na deán, na déan, agus bheárfaidh mé ualach mór chugat imbárach".(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Lúdhóg
- Gender
- Female
- Address
- Léim an Ghabhra, Co. Donegal
- Informant
- Conall Ó Lúdhóg
- Gender
- Male
- Address
- Léim an Ghabhra, Co. Donegal