School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Shíl mé go rabh tú marbh" arsa seisean le Taidhghin, "agus cá bhfuair tú na súile agus an t-airgead"?
Mise atá saidhbhir agus tusa atá bocht anois arsa Taidhghín. Thug cailín deas óg an t-ór agus an t-airgead domh, agus fuair mé mó shúile gan chuideadh ar bith ó dhuine ar bith. "Muise an abrann tú liom é"? arsa Tadhg. "Seadh, bhain amach mó shúile-sa, agus cait isteach 'san chill mé fósta". Dó bhain sé na súile as Tadhg, agus chaith sé isteach ins an t-sean-chill é, agus d'imthigh sé fhéin leis abhaile ag gáiridhe.
Bá ghoirid go dtáinig na cait airíst. Bhí an sean-chat ina measg. "A chait" arsa seisean, "níor chuartuigh sibh an t-seomra i gceart indé. Cuartuigidh go maith anois é". Chuartuigh siad an t-seomra, agus fuair siad Tadhg faoi'n chlár. Tharraing siad amach é agus thoisig siad dá sgríobadh agus dá(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Lúdhóg
- Gender
- Female
- Address
- Léim an Ghabhra, Co. Donegal
- Informant
- Conall Ó Lúdhóg
- Gender
- Male
- Address
- Léim an Ghabhra, Co. Donegal