School: Learga na Saorthach (roll number 14888)
- Location:
- Learga na Saorthach, Co. Donegal
- Teacher: Cathal Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Learga na Saorthach
- XML Page 8
- XML “An Luchóg Chroíúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-seanbhean go leor do'n luchoig da mbeadh sé aice. Lá amáin ní raibh aon ghreim bidh ag an t-sean-bhean agus rud níos measa nó sin, ní raib aon airgead aice le biad a cheannacht D'innis sí do'n luchóig a buaidheartha agus dubhairt sí leis go gcaiteadh se imteacht nó go bhfuigheadh sé bas leis an ocras aicise. Dubairt an luchóg go rachadh seisean ar shiubhal cinnte, acht gur fa brón a d'imteochadh sé, acht go raibh rud amáin a dith air sul a n-imteochadh sé, agus gurbh é an rud e sin nó sean-mhála. Fuair an bhean an mala dho agus d'imthigh sé leis. Bhí an-chumhaidh ar an bheirt ag scaradh le chéile. Nuair a bhí an luchóg imthighthe ar feadh lae, shil an bhean go rabh sé comh maith aicise imteacht ag cruinniughadh deirce agus bhí sé duithe [?] bas a fhaghail leis an ocras. D'imthigh sí leithe agus bhí sí ag gabhail thart ar feadh seachtmhaine o theach go theach. Oidhche amáin chuaidh sí isteach i dteach ag iarraidh loisdin. Nuair a tháinig am codhlatha taisbean bean a' toighe a leabaidh(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Cróibh, Co. Donegal
- Informant
- Aodh O Chanainn
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal