School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Bracky, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Brackey
- XML Page 163
- XML “An Clarcach”
- XML “An Mac Tíre agus na Gabhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Pol a Murduir”, agus níl bréag ar bith ins na sgéal sin.
Nuair a d’imthigh na saighdiuirí anonn chuir “an Clarcach” a bhean san chómhnair. Chuir sé an cómhnair ar a dhruim agus d’iomchar i rith a bhealaigh go h-Innis Caoil. Tá an sean-roilig le feiceal annsin go fóill. - Chuaidh mé lá amháin suas go Dun na nGall agus cheannuigh mé boc gabhar, minnseach agus meannan. Chuir mé suas iad go cúl na páirce. Thainig oidhche mhór sneacta. Bhí na páirceanna agus na cuibhrinn uilig cumduighthe agus rinne siad suas a n-intinn a dhul suas ni bfuide.
“Mo rún as mo thúirne” ars an boc, “go rachaidh mé suas go h-éadan a chnuic go n-ithidh mé mo sháith”
“Mó rún, a’s mó thúirne”, ars an gabhar, “go rachaid mé leat”
“Mó rún a’s mo thúirne”, ars an mhinnseach, “go mbéidh mé libh”
“Mó rún as mo thúirne”, ars an meannan, “chan bhfuil mise a dul a fhanacht annseo mo chréatur, rachaidh mé leis a chuideachta”.
Chuaidh siad suas go h-éadan a chnuic.
Nuair a bhí a sáith ithte ag an mhinnseach, d’iarr sé ar an mheannan a bheith a teacht léithe abhaile. Dubhairt an mhinnseach nach rachadh go rabh dhá mheadai líonta aice, agus meadai le líonadh. Thainig an mhinnseach anuas(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac a Ghoill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Anna Bean Uí Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Sceadamán, Co. Donegal