School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Bracky, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Brackey
- XML Page 180
- XML “Amhrán an Athar Peadar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Sé an locht is mó orm níl ór agam no airgead.
Níl dhá pighinn ann mo phoca acht a croigeadh na h-aindeise
Curruaidheacht go lá fóghmhair go deo ní bhéidh agamsa
Ní fhásann pis na pónair grainin eorna na seagail ann.
II
I dtuaidh Fionn má dfag tú mé, a ghrádh na dean dearmad
Sgur luaidheadh sin i gcásaibh nach dtearn muid coir ar bith
Acht a mhuirnin mo chuig cead slan leat ó beigin damh sgaramhaint leat
Agus a luaidhtear dis cáirdeach go brathach go mbíonn carthannach.
III
Fuagrann ort, coimrighim agus cuimhnigh gur bocht atáin
Buadhartha, bocht, imnidh ‘gus go dearbhtha gnidhim osna ón chroidhe
A ghéagain mhín mhuirneach ar dhoimhneacht na srathannaí
Is tú aille gach prionnsa bhí liomsa níos só-chómharlaigh [só-chómhairligh]
IV
Na deán marbha nach fearrde thú i gcás ar bith a céid-searc
Na fuagra mé mo bhás ort a bhan [chlios?] na bpéarlaí,
A ghorm réisc na sáile thug barr ar na céadtaí
Deir go dearbhtha tá mé cráidte, níl fághail agam ar mo cheadfaidhe.
(Críoch)