School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 121
- XML “Na Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin thugadh na daoine isteach do mórán rudaí go mór mhór do na sidheógaí. Sin ainm eile, atá ar na daoine beaga. Onó na daoine maithe.Chreid said go rabh siad na comhnuidhe istoigh ins na carraigeacha nó comhgarach don tráigh . Deir siad go bhfuil culaidh deas dearg ar gach ceann acú. Deir siad go bhfuil hata deas dearg agus gruag catach ar gach duine acú fosda agus bíonn dath an óir ar an ghruaig. Nuair a bhíonn oidhche deas gealaighe ann bionn siad amuigh ar an léana ag damhsa agus ag gabhail cheoil. Fad o shoin nuair a bheadh siad ar bith olc le theacht trasna deir siad go mbeadh siad le cluinstin ag caoineadh sul a tharlochadh sé . Bhí teach ar an bhaile seo fad ó shoin
agus doghadh oidhche amháin . An oidhche sin sul ar doghadh daoine ag gabháil an bhealaigh mhóir agus chualaidh siad iad ag caoineadh go brónach thart f'an teach . Bhí seanduine eile ag innse damh go bhfacaidhn sé féin iad. Bhí siad ag damhsa agus ag gabhail cheoil Bhí sé ag teacht abhaile oidhche eile agus chualaidh sé iad ag cainnt istigh ins na carraigheaxha ach dubhairt sé nach dtiocfach leis fhaghail amach caidé a bhí siad ag cainnt air.- Collector
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Seághan O hÉigheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal