School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 203
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus bean ann fad o shoin agus bhí mac amháin aca. Chuaidh sé thuig an aonach lá amháin agus ní rabh airgead ar bith aige.”
Bhí fear agus bean ann fad oshoin agus bhí mac amháin aca Chuaidh sé thuig an aonach lá amháin agus ní rabh airgead ar bith aige. Chonnaic sé fear ag cur céad punt in a phoca. Chuaidh sé thart agus thug sé leis an céad punt agus cur sé an sparán folamh isteach i bpóca fear eile. Níor fhada gur dubhairt an fear gur chaill sé an tairgead agus dubhairt sé go dtabhairfeadh sé cúig punt don duine a bhfuighfidhe é Dubhairt an fear seo go bhfacaidh sé fear ag cur isteach in a phóca é Fuair siad greim ar an fhear seo agus ní rabh airgead ar bith ins an sparán Cuireadh isteach na príosún é fuair an fear eile na cúig punt Crochadh an fear a rabh an sparán aige cupla lá na ndiaidh sin. Thoisigh an fear seo a rabh an tairgead aige ag imirt chárdaí Chaill sé an tairgead uilig. Fuarthas greim ar an fhear seo cionnus go rabh sé ag imirt chárdaí beireadh air tamaill na dhiaidh sin agus cuireadh isteach i prísún é Ní rabh sé ro fhada san phrísún go bhfuair sé bás.- Collector
- Séamus Ó Coilín
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Meenboy, Co. Donegal