School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ag tiomáint dhá bheathdhach lá amháin agus ceann acu comh fallsa a's na shiubhailfeadh sé ar chorr ar bith ach a bé pionnainn coirce bheith ar cheairrt agus an ceairrt bheith roimis. Casadg fear air a rabh triúr inghean aige agus d'fhiafruigh an fear dé an fáth a raibh an pionainn coirce ar an cheairrt aige. D'innis sé dó gurb ag baint obair as an bheathdhach dheiridh a bhí sé mar nach siubhailfeadh sé ar chor ar bith ach abé pionainn coirce bheith ar an chairrt roimis.
D'innis an fear dó annsin go rabh inghean aige-san agus nár b'fhéidir dó obair ar bith a bhaint aistí agus dubhairt sé leis dá bpósfadh seisean í go bhféadfadh sé obair a bhaint aistí agus go dtabhairfeadh seisean neart saidhbhris dó dá bpósfadh sé í. Rinne sé suas a chomhairle pósadh. An lá a bhí sé ag tabhairt an cailín abhaile thug sé sean-chú agus sean-chapall agus gunna leis. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an teach d'iarr sé ar an chú rud éiginnteacht a dhéanamh ach ní dhéanfadh an cú é. Tharraing sé amach a ghunna a bhí faoi na chóta agus scaoil sé í. Tháinic an cailín amach go dtí an doras. "Cén fáth a dtearn tú sin," arsa sise. Gnídhim sin leis an uile rud nach ndéanann cibé rud a iarras mise air" arsa seisean. D'imthigh siad leo abhaile. Nuair a bhí siad giota(continues on next page)- Informant
- Pádraig
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal