School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 234
- XML “Scéal fá Chnapastún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mar Bhain Imirtheóirí Mhucrois an cluiche ar Imirtheóirí Chille Cartha.
I bhfad o shoin deir na seandaoiní go rabh comhnuidhe ar sluagh sídheóg síos i Malaidh Na Bhruighne i Mucros. Bhí rí ortha darbh ainm Cnapastún agus bhí sé án-mhór lé bunadh Mhucrois. Lá amháin thug bunadh Mhucrois cuireadh dó imirtheóirí Cille Cartha teacht isteach go Tráigh – Labhair lé cluiche Iomána a bheith acu. San am seo bá iad bunadh Chille Cartha na h-imirtheóirí a bfheárr sa Chonndae seo. An lá roimh an chluiche arsa Cnapastún lé fear as Mucros “Cuideochaidh mise libh an cluiche a imirt agus fhad a’s fhanfas tusa ins an áit a chuireas siad ar dtús tú ní aithneochaidh mise i lathair”. Lá - thar - na - bharach thoisigh an cluiche. Bhí bunadh Mucrois ar an taobh dé’n tráigh a bhfuil Malaidh Na Bruighne taobh thuas de agus bhí bunadh Chille Chartha ar an taobh eile de’n tráigh. Caitheadh an liathróid cnaig san aer agus fuair duine de bunadh Mhucrois greim air agus chuir sé báire isteach. Bhuail duine de imirtheóirí Chille Cartha an liathróid amach arís. Ach ar an droch uair(continues on next page)- Informant
- Séamus Ua Míodhacháin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal