School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 263
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sin ann agus is fadó bhí bacach ag siubhal fríd an tír seo dar b'ainm Jimmy Hogie.”
(continued from previous page)góide an maith a bhí san coinín. Dubhairt sí leis gur bhé an coinín an rud ba úsáidighe san teach, nó gach lá ag am dinneára théigeadh sé ‘un a phortaigh fá choinne Sheághain. Agus gnidh sé an rud céadna ag am tae”. “Is mairg nach bhfuil ceann acu sin againne”, arsa Jimmy. “Bíodh sé ar a mhargadh”, arsa bean a’ toighe. Thug Jimmy leis an coinín agus an capall agus shíl sé go rabh án – connraidh leis.
Dubhairt sé le na mhnaoi go rachadh seisean ‘un a’ phortaigh lá thar na bharach, agus go dtiocfadh an coinín fá na choinne ag am dinneára. Ag am dinneára leig bean Jimmy an coínín amach. Nuair a leigeadh an coinín amach rith sé isteach i bpoll agus ní facthas ní ba mhó é. “Béidh sé annseo i mbárach arais”, arsa an fear a ceannuigheadh an capall uaidh nuair a d’imthigh Jimmy leis an choinín. “Imreochaidh muid cleas eile air”, arsa bean a toighe.
Tá coileach bréagh annseo agus mairfidh mise é, agus dhóirtfidh mé a chuid fola ar m’ucht. Annsin nuair a thiocfas seisean tuitfidh mise agus tusa amach. Bhéarfaidh tusa greim ar an sgian mór atá annsin agus beir greim orm-sa agus leig ort go gcuirfidh tú isteach fríd m’ ucht, agus tuitfidh mise ar an talamh. Annsin beir greim ar an fhead sin sin agus séid é agus tiocfaidh mise chuig mó bheatha arais. Lá thar na bharach táinig Jimmy. D’imir an bheirt an cleas. Nuair a chonnaic Jimmy an maitheas a bhí san fhead bhí(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ua Beirn
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 88
- Address
- An Rualach, Co. Donegal