School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 272
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Anois agus aríst glaodhann lucht siubhail go dtí mó theach-sa.
Ní h-iad na daoine céadna a thigeas i gcomhnuidhe nó bféidir go dtiocfadh cupla duine ‘un toighe lá nach bhfeicfidhe níos mó.
Tigeann fear ar a dtugtar Maitiú Ua Ceallaigh thart annseo go minic. Díolann sé bioráin agus sguabanna beaga a gnídheann sé fhéin as fraoch. Ceannuigheann sé olann ach ní iarrann na daoine luach uaidh air agus bheireann sé bioráin dhóibh mar mhalairt air. Bíonn fáilte ag an uile dhuine roimh Maitiú ach ní fhanann sé i bhfad i dteach ar bith.
Tá a áit chomhnuidhe i dTamhnaigh. Teach beag a thug duine de bhunadh Mhucrois dó mar déirce. Ceannuigheann sé a bhiadh fhéin leis an airgid a gheibh sé ar an olann agus iomchurann sé leis ó áit go h-áit, nuair a bhíos sé ag cruinniughadh. Ní bhíonn aon paidir nó deilín aige ach labharann sé go céillidhe leis na daoine. Is de siubhail a chois a théidheann sé ó áit go h-áit.
Bíonn dhreamanna eile ag dul thart ar a dtugtar Muinntir Uí Fhraoighil ortha, agus bíonn cearrtanna agus(continues on next page)- Informant
- Seán Mac Aodha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Mucros, Co. Donegal