Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 289
- XML “Seanamhráin - Art Ua Ceallaigh”
- XML “Seanamhráin - Art Ua Ceallaigh”
- XML “Seanamhráin - Mo Sheandhuine Dóite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní tháinig ariamh, a’s ní thiocfaidh a coidhche.
Is dá mairfead sé m’athair,
Nach dtabhairfinn dó fasgadh nó dideán.
As Híombó.
(V)
Suid síar a bealach as lean é go h-árd,
O Droichead na gCaillig go Carraí na gCaorach,
Tá an bealach fluich salach as an gealach gan éirigh,
As agam le dul go Dún Creathnaighe fa’n tacar seo d’oidhche. - (ar lean ón leathanach roimhe)Ní tháinig ariamh, a’s ní thiocfaidh a coidhche.
Is dá mairfead sé m’athair,
Nach dtabhairfinn dó fasgadh nó dideán.
As Híombó.
(V)
Suid síar a bealach as lean é go h-árd,
O Droichead na gCaillig go Carraí na gCaorach,
Tá an bealach fluich salach as an gealach gan éirigh,
As agam le dul go Dún Creathnaighe fa’n tacar seo d’oidhche. - Mó Sheanduine Dóighte.
Cuirim mó sheanduine síar go dtí an liagharán.
An áit a rabh míle agus fiche de shliabh ann.
Fuair sé an fionnadh agus chaill sé na fiacla,
Agus tháinig sé abhaile i bhfuilimist bliadhna.
Curfá.
Hó ró mó seánduine dóighte
[Brón]? Ar an tseán duine is mairg a phós sé.
II.
Da mbéadh sin agam-sa srathar as diallaid,
Sulmeach leathar agus béalmach iarrainn,
Tógfainnse an scafaire suas ins an diallaid,
Agus leigfinnse an seanduine bealach a’ diabhail.
Curfa.
III.
Chuaidh mé ‘un mhargaidh ag ceannacht a chorca,(leanann ar an chéad leathanach eile)