School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 318
- XML “Na Préataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Préatai
Ní chuireann muid préataí ar an fheirm sa bhaile gach bliadhain. Cuireann muid préataí ann bliadhain amháin agus coirce ins an talamh céadna an bliadhain na dhiaidh sin agus mar sin de préataí agus coirce gach darna bliadhain. Ullmuigheann mo athair an talamh fá na gcoinne. Is i n-iomaireacha a chuirtear na préataí. Gheibheann mo athair córda agus ta slat ceangailte ar gach ceann de agus sáitheann sé píosa amháin aca suas ag bárr an chuibhreann agus bheir sé an córda síos go díreach go dtí an bun. Annsin gnídheann sé lorg claise ag taobh an líne. Is i sean-talaimh le spádaí a gníthear an iomaire. Níl a fhios aca cé aca gnídheadh siad na spádaí san áit seo fad o shoin nó nach ndeánadh.
II
Cunntas ar an phór.
Ar dtús gheibeann muinntear an bhaile cliabh agus sgian géar. Ceangailleann siad giota beag éadach ar an áit a mbíonn an t-órdóg ar an sgian, nuair a bhíos duine a scoilteadh. Annsin tugann siad asteach baiscóid nó cliabh de préataí as Toigh na bPréataí. Annsin(continues on next page)- Informant
- Tomás Ua
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal