School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 328
- XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Eoin”
- XML “Féilí na Bliana - Lá na Bealtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is é an nós atá ag na daoine oidhche Fhéil' Eoin teine a chur amach gach bliadhain. Nuair a théighimid abhaile ó'n scoil an tráthnóna sin túsuigheann ag cruinniughadh féir agus sean cócáin agus cipíní agus raithneach agus gach rud a dtig linn greim a fhághail air. Nuair a thigheann 10 a chlog nó mar sin cuireann muid amach an teinidh i n-áit eighinteacht. Bheir muid amach aibhleóg agus braon beag ola agus lasann muid an teinidh. Éirigheann na bladhairí suas go h-árd leis an spéir annsin. Nuair a bhíos an bladhairí ag gabhail síos cuireann muid tuilleadh adhbhair teineadh isteach ins an teinidh. Nuair a bhíos an teinidh lásta againn imireann muid thart fán teine. Nuair a bhíos ár sáith imirthe againn téigheann muid abhaile agus cuireann muid amach an teine. Sin an nós atá aca Oidhche Fhéil’ Eoin.
- Informant
- Máire Ní
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Is é an nós atá ag na daoine lá Bhealtaine gráinín de lusta bhuidhe Bealtaine a chaitheamh ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach. San tráthnóna téigheann na daoine amach ag cruinniughadh lusta bhuidhe Bealtaine. Nuair a thigheann siad abhaile caitheann siad gráinín ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 46
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Donegal