School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 291
  3. XML “An Tobar Íocshláinte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tobar Iocshláinte.
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí rí agus báinríoghan ann fad ó shoin agus bhí triúr mac agus inghean amháin aca. Lá amháin ghlac an inghean tinneas agus d'fiafruigh an Rí de'n mhac a ba sine an rabh aon dath ar an domhan a leigheasfadh í. Dubhairt an mac go rabh tobar íocshláinte i n-a leithéid seo de áit agus dá bhfaghad sé an iocshláinte go léigheasfaidhe an ghiorrsach. D'imthigh an mac ba sine leis nó go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann agus shroich sé annsin cnoc mór árd Bhí seanduine in-a shuidhe ag bun an chnuic agus d'fiafruigh an seanduine de fáth a thurais. D'innis an mac sin dó. "Tá an ioc-shláinte ar mhullaigh an chnuic seo," arsa an seanduine agus bhéadh sé a dhith ort a bheith do fhear athchomair le mullaigh an chnuic a bhaint amach". "Feuchfaidh mé leis," arsa an mac. Chuaidh sé suas. Nuair a bhí sé giota thuas d'éirigh bean sídhe amach roimhis, tharraing uirthe slat draoidheachta agus rinne carraig chloch de'n ghasúr. Nuair nach rabh an mac ba sine ag teacht abhaile cuireadh 'un t-siubhail an darna mac. Thárla mar i gceudna dó-san. Nuair a chonnaictheas do'n mhac b'óige nach rabh a deártharacha ag pilleadh chuaidh sé ionnsoir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Nic Lochlainn
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ardara, Co. Donegal