School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 329

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 329

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 329
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é indhiaidh an chuma chruaidh atá air nó i n-uile uair a gcuirfidh tú ar do cheann é béidh tú dó-fheicseanach". Thug sé an sean-sparán do'n mhac b'óige agus dubhairt, "Seo sparán agus i n-uile uair a bhéas airgead a dhith ort cur do lámh sa sparán agus gheobhaidh tú píosa óir ann. Ná bíodh eagla ar bith ort do lámh a chur isteach ann nó cé bith an méid airgid a bheurfaidh tú amach as béidh rud fágtha igcomhnuidhe."
    Tamall i n-a dhiaidh seo fuair an fear bás.
    Bhí an luthgháir ar na mic siocair na trí rudaí bheith aca agus rinne siad suas imtheacht agus deánadh amach daobhtha féin
    D'imthigh an mac b'óige an cheud uair. Shiubhail leis nó go dtainig sé go dtí caisleán báinrioghna. Bhí fear i n-a sheasamh ag doras an chaisleáin ag díol grápaí. Nuair a chonnaic sé an fear seo, chuir sé a lámh sa sparán, tharraing air píosa óir agus cheannuigh cnap mór de na grápaí. Bhí an bháinrioghan ag amharc amach ar an fhuinneóig agus nuair a chonnaic sí an buachaill ag tabhairt píosa oir do'n díoltóir bhí an-iongantas uirthe D'órduigh sí da cuid comhairleoirí an buachaill a thabhairt i n-a fiadhnaise. Rinne siad sin. D'fiafruigh an bhainrioghan de caide'n fath a rabh cuma bhacaigh air acht go dtiocfadh leis píosa óir a thabhairt uaidh ar rud nach fiú ach dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0566: The Three Magic Objects and the Wonderful Fruits (Fortunatus)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghan Mac m Briartaigh
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal