School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 11
- XML “Scéal 5 - An Fear Tinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin bhí fear na luighe tinn. I leábaidh na clúide a bhí sé na luighe. Bhí a bhean ag leigint uirthí go rabh sí án-bhuadhartha fa dtaobh do. Go mion ar go minic déirfeadh sí leis “O! ‘sé ‘n truaighe nach orm fein atá’n bás ag teacht in-ait thusa a chreatúr! Bhí fhios aige go diabhalta maith nach rabh sí acht ag cuir i géill.
Acht lá amhain d’imtigh sí ‘un tsiopa agus nuair a fuair seisean an réidhteacht léim sé amach as an leabaidh. Sgairt sé isteach ar na cearcaibh fuair greim ar an choileacht agus chuir amách an chuid eile uilig.
Bhain sé dé na cluimhrigh uilig agus oiread is giob níor fhág sé air. Chaith sé ag an doiras druidte é agus isteach go gásta leis ‘na leabaidh arais.
Ní rabh i bhfad go dtainig sí fein isteach agus shiudh ag colbha na leabtha agus an seán-tiún aicí “Is mór an truaighe nach tdugann an bás mise leis agus thusa fhágailt.” leis sin aníos an t-urlar leis an t-óganach a bhí shíos ag an doras. Sgannruigh sí go mór agus d’innis seisean dí gurbh é sin an bás anois. O! suid é! siud é! ar sise, ag taisbeant an fear a bhí na luighe.- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Informant
- Mairead Nic Ruaidhrí
- Gender
- Female
- Age
- 80