School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 114

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 114

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 114
  3. XML “Scéal - An Camán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche amhain fad ó chuaidh gasúr go dtí’n tobair fa choinne stopa uisge. ‘Nois bhí’n tobair ag taobh na páirce in a mbíodh sé é fein agus na gásraigh eile ag imirt ann.
    Nuair a d’amharc sé goidé chonnaic sé acht páirtí ag imirt cámain sa pháirc. Chuir sin iongantas air na ba é an chéad uair daobhta ariamh ghabhail a imirt gan cuireadh a thabhairt dó-san na ba eisean an fear i bfeárr acú uilig i gcionn an chámain.
    Ní dheárn sé aon dáth amhain acht pilleadh abhaile leis an uisge agus an stópa fhágailt taobh amuigh dé’n doras, agus pilleadh áth-uair go dtí’n pháirc. Léim sé isteach thar an claidhe agus bhí an páirtí ag imirt ríth an áma acht chonnaic sé anois gur daoine coimhtigheacha uilig a bhí ionntú agus ní h-iad na gásraigh ar comhair ar bíth.
    Sheas sé san ait a rabh sé agus análl lé feár acú agus shín cáman ionnsoir ag rádh san ám ceudna. “Nuair a thiocfas an búl aniar gabh i bhfásta leithí agus cuir báire shíor udaidh”. Ní rabh i bhfad go dtainig an búl fhad leis agus níor leig sé ar siubhal í gur chuir sé báire.
    Lé sin thoisigh an greánn agus an bhualadh bós agus i gcionn na bomaite bhí siad uilig imtighthe as amharc acht é fein agus an feár a thug an cáman dó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic a' t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Mac a' Bhaird
    Gender
    Male
    Age
    76