School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 17
- XML “Scéal - An Bainne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin bhí teach i Málainn Mhór agus ní rabh acú acht aon bhó. Bhí sí tirm agus bhí siadsan gan bainne.
Tráthnóna fuar geimhridh thainig fear bocht isteach agus bhí pota bráchain i lár an urlair. Dúbhairt bean a tíghe leis gur mór an truaighe nach rabh aicí acht bráchan tur, da mbéadh bainne aicí go dtiocfadh leis braon do ól.
“Ca tuige nach bhfuil bainne agat?” arsa seisean léithí. “O! tá mó bhó tirm, béidh gamhain aicí gan mhoill.”
Deárbhuigh sé oirthí go rabh bainne ag an bhó agus d’iarr sé oirthí an bhó a chuir isteach ma bhí sí amuigh agus a blíghe.
“Níl sí ‘muigh, ar sise, tá sí sa bhóitheach.”
D’imtigh an fear bocht agus amách léithí ‘na bhóithigh agus an pigín léithí. Blígh sé lán an phigín uaithe agus ní dheachaidh sí tirm ní ba mhó congbaigh sí bainne leobhtha ríth an áma.- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Ióseph Uí Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal