School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 29

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 29

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 29
  3. XML “Scéal - An Cearrbhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill óg ann aon uair amhain agus bhíodh sé amuigh go déidheannach ag ceárbhachas an uile oidhche. Bhí án - dúil aige ins na cárdaibh.
    Oidhche amhain bhí se ag teacht abhaile mar ba gnáthach leis agus chonnaic sé néal dubh in a chásan. leis sin amach lé cailín óg dóigheamhail as an néal agus sheásaigh in a chásan. “Tusa, ar sise, an fear a bhíos amuigh I dtolamh go mall ag ceárbhachas”. “Is mé” ar seisean. “Suidh” ar an chathaoir seo go mbéidh cluithche againn”, arsa sise.
    Lé sin tcídh sé tabla agus deic cárdaí air agus dha chathaoir. Bhí oireadh dé chathuighthe air leis na cardaíbh gur shuidh sé. D’imir siad cúpla cluithche agus dúbhairt sí annsin, “Anois imreóchaidh muid agus an t-é a bhainfeas an cluithche seo caithfidh sé gabhail suas go bárr an cnuic sin thall ar an leithid seo do lá ‘ga ainmniughadh” “Maith go leor” arsan bhuachaill. D’imir siad an cluithche agus bhain seisean é.
    Dúbhairt sise leis go gcaithfeadh sé gabhail suas anois agus dúbhairt sé go rachfadh cinnte da mbéadh sise suas. Gheall sí go mbéadh agus nuair a d’iarr sé cómhartha oirthí go mbéadh se amhlaidh. Ní dheárn sí a’n dath acht snáthad a chuir in a laimh go dtainig an fhuil agus sgríobh sí síos a ainm ar ghiota pháipéir lé na cuid fola fein. Thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Prionnseas Mac Giolla Easpuig
    Gender
    Male
    Address
    Mín na bhFachrán, Co. Donegal
    Informant
    Anna Ní Giolla Easpuig
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Mín na bhFachrán, Co. Donegal