School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 31
- XML “Scéal - An Cearrbhach”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug sí amach an giota páipéir a rabh a ainm sgríobhtha air ina chuid fola féin. San ám seo bhí'n sagart ag léigheamh as a leabhar agus leis sin níor mhothuigh aon duine gur léim an páipéir amach as a láimh isteach i leabhar an tSagairt agus ar an bhomaite dhruid seisean an leabhar.
Nuair a d'amharc siad thart bhí'n néal dubh, iólar, agus cailín imthighthe. D'éirigh an stocach agus d'imthigh síos leobhtha abhaile agus ariamh 'na dhiaidh sin ní fhaca sé í. - 25. Gheibh cos ar shiubhal rud nach bhfághann cos na cómhnuidhe mar bhfághfadh sí acht deálg.
26. Is doiligh geárrfhiadh a chuir as a tom 'nach bhfuil sé.
27. Ní rabh bolg mór fial ariamh.
28. Na díol do chearc lá fliuch.
29. Is feárr ag sníomhadh sifín na bhéith do chómhnuidhe.
30. Fear gan píopa, fear gan sgríste.
31. An té buailtear sa cheann, bíonn an eugla air.