School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 7
- XML “Scéal 1 - Clann Mac a' Bhaird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- “Goidé sin a tcím idar’m fein agus léas.
Caisleán mór lé sé chúpla dhéug
Shaoilfinn fein gur leór a h-ocht
Ag fear bocht dé Cloinn ‘ic a Bhaird.”
Bhí fear-bocht ag gabhail thart annseo fad ó shoin agus chuaidh sé isteach i dteach shíos i Leitir Mhic a’Bhaird ag iarraidh lóistine. Chualaidh sé roimhe sin comh beártha is bhí Cloinn ic a Bhaird in a dteángaidh agus thainig sé lé buaidh fhághal orthú. Nuair a bhí sé ag tarrangt ar an teach siud na focla adúbhairt sé “Goidé sin a tcím’ srl.
Fuair sé an lóistín. Nuair a thainig ám-codlata chuir bean a tíghe na luighe idir a dhá mac é. Ní rabh an phlainceid ró-mhór agus thoisigh duine dé na mic a rádh é leigint leis ‘gus sa deireadh bhí said comhair ag troid fa dtaobh dé “O! arsan fear-bocht, Rannaigidh idir ibh fein é,” na shaoil sé go rabh sé i gceárt nuair a bhí sé i lár.
Fuair duine dé na mic godaigh beag sgine i mullach na leáptha agus rinne sé dha cuid cothroma dé’n phlainceid. Cuir sé giota os cionn gach duine acú fein agus d’fág said an fear a bhí i lár baire tárnochta. Léim sé amách ar an urlár agus arsa seisean
“Cloinn ic A’Bhaird cú lom cárrac.
Árd mholadh is gan ádh orthú.
Nac máirg a tharla eatortha.”- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Ioseph Uí Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal