School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuairim dhá mhíle síor díreach ó’n Sgoil seo tá áit a dtugtár Caiseal An Óir air i nGleann Mhálainne. Annseo déir siad go bhfuil án-phota go bráthach dé ór. ‘Siad na lochannaigh a chuir i bhfolach ann é. Bhí siad ag teacht amách o lug na Drúdhain go Sliabh Liaig leis agus bhí an pota comh mór sin gur ghlac sé ceáthar acú a iomchar ar spíce. Cibé ar bíth nuair a shroich siad Caiseal an Óir bhí siad com tuirse gur bh’éigean daobhtha é a chuir annsin agus tá eásgan mór a coimhead.
Ar dhóigh éiginteacht fuair fear fios ar an ait a rabh an phota agus ní thiocfadh leis innse d’aonduine a rún. Ba mhaith leis an rún a leigint lé na ingean agus lá ‘mhain bhí’n bheirt acú cómhgárach dé’n ait agus shuidh seisean go díreach ar an turtóg a bhí díreach os cionn an phota. Thárrang sé amách tobac agus sgian agus líon sé agus dheárg sé a phíopa. Nuair a bhí sé réidh sháigh sé a sgian sa túrtóig agus níor leig sé dadaí air agus d’imtigh leóbhtha. Nuair a chuaidh siad giota d’iarr sé ar an ingean pilleadh go dtí na túrtóige agus an sgian a d’fág sé na dhiaidh a thabhairt leithí. Bhí súil aige leidiughadh a thabhairt dí nuair a phillfeadh sí fa’n taisge a bhí ann. Arais leithí acht ní thiocfadh leithí an túrtóg a rabh’n sgian ann a fhághail. Thainig sí arais agus d’innis shin dó(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Anna Nic Fionngaille
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal