School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 88
- XML “Scéal - An Cloigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Roimhe seo nuair a bhéadh ag duine lé mionna a glácadh ní mionna an leabhair a ghlácfadh siad ar comhair ar bíth acht mionna na cloigne. Sin go gcaithfeadh siad a ghabhail na roilige agus uaigh a fhosgladh agus cloigeann a thabhairt leobhtha agus mionnughadh airthí. Nuair a bhéadh sin deánta acú b’éigin daobhtha an cloigeann a thabhairt arais go cúramach agus a chuir san uaigh arais.
‘Nois thall i Mín na Giorra bhíodh fháirigheach i dtolamh roimhe seo agus tá ballógaí an tíghe lé feicealt go fóill. Ám amhain bhí fhairigheach agus a bhean na gcómhnuidhe ann agus ní rabh acú acht iad fhein. Bhí aige-san lé mionna a ghlácadh fa rud éiginteacht agus ar ndóiche thóg sé cloigeann as an roilig lé mionna na cloigne a ghlachadh. Acht sul a bhfuair sé fáill an chloigeann a chuir arais san uaigh goidé tharla acht ghlach a bean tulaghan éiginteacht agus bhí aige lé ghabhail fa coinne an Saghairt dí i lár na h-oidhche.
Seo an t-ám an t-eallach ceángailte ins na tíghthibh ag na daoinibh agus na cearca ar fhaireamh ag taobh na teineadh. Bhí seo amhlaidh sa teach seo comh mhaith leis an uile theach.
Bhí bean an tíghe na luighe i leabaidh na clúide agus bhí an cloigeann san fhuinneóig. Ó d’imtigh(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Canainn
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal